Archivium Hibernicum.  An annual journal of Irish historical sources. Founded 1912
welcome aims committee journal database contributors events subscriptions
  failte contact links
 

Failte
Fáilte romhat chuig láithreán lín Archivium Hibernicum. Is iris bhliantúil í Archivium Hibernicum a fhoilsíonn roinn na staire, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad agus Coláiste Phádraig, Má Nuad, ina bhfaightear ailt mheasta agus foinsí staire. Is é foilseachán oifigiúil Chumann na nAnnála Caitliceacha é a bunaíodh sa bhliain 1911. Is sa bhliain 1912 a foilsíodh an chéad eagrán de Archivium Hibernicum agus ba é James MacCaffrey (1875-1935), ollamh le stair eaglasta i gColáiste Phádraig, Má Nuad a bhí ina eagarthóir air. Ón mbliain 1973 i leith tá ceangal aige leis an gCoiste um Stair Éireannach Chaitliceach agus a chuid imeachtaí, agus ón mbliain 2001 i leith tá ábhar cartlainne á fhoilsiú ann atá ag eascairt as Tionscnamh na nGael san Eoraip atá lonnaithe i roinn na staire, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

 

 
© Archivium Hibernicum 2003
 
designed and developed by eclipse